Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Laoch ar lár

Aifreann Cuimhneacháin Shéamuis Uí Chadhain 14 Feabhra 2020
17-Feabhra-20
Laoch ar lár

Bliain um dtaca seo fágadh pobal Mheánscoil San Nioclás in umar na haimléise nuair a d’éag Príomhoide na scoile Séamus Ó Cadhain gan choinne. Dé hAoine seo caite, 14 Feabhra, chéiliúir an tAthair Ó Ceallaigh Aifreann i gcuimhne ar an gCadhnach sa Mheánscoil. D’fhreastail go leor tuismitheoirí, iarscoláirí, ionadaithe pobail, comhghleacaithe ó oifig Bhord Oideachais & Oiliúna Phort Láirge & Loch Garman agus cairde ar an searmanas le foireann agus daltaí na scoile. Ba mhór an sólás a thug an comhluadar sin do mhuintir Uí Chadhain, a thaistil ó Chill Chiaráin chun a bheith i measc phobal Ghaeltacht na nDéise ar an lá.

Chuir grúpa ceoil na scoile go mór le hatmaisféar agus sprid na hócáide agus go leor, leor uirlisí éagsúla á seinnt acu agus ba léir go raibh an-chleachtadh déanta ar dhaltaí uile na scoile ar chanadh na n-iomann is na n-amhráintí óna raibh de chantaireacht bhinn ag macalla ar fud na scoile. Ní nach ionadh áfach leis an obair den chéad scoth a bhí curtha isteach san ócáid ag séiplíneach na Meánscoile Dearán Ó Droma.

Léigh Cian Innseadúin dalta Ardteiste an Chéad Léacht agus ba í Bronwyn Ní Ruairc, dalta ón gcúigiú bliain a léigh an Dara Léacht. Ba iad na daltaí Idirbhliana Molly Ní Shíthigh agus Ríona Ní Chadhain, neacht le Séamus a chan an salm ‘Is é an Tiarna m’Aoire’ agus an pobal faoi dhraíocht ag áilleacht na haithrise. Léigh Áine Uí Icí, Iar-phríomhoide Feidhmeach agus Iar-phríomhoide Tánaisteach na Meánscoile, an chéad cheann de Ghuí an Phobail mar ionadaí na foirne, inar guíodh ar son gach aoinne a thug an-tacaíocht do phobal na scoile le linn tréimhse na sochraide anuraidh. Ba é Don Brockie, Cathaoirleach Choiste na dTuismitheoirí a léigh an tarna paidir thar ceann tuismitheoirí na Meánscoile agus ba í Neela Ní Riain, dalta ón Tríú Bliain, a tháinig ina dhiaidh is guí aicisean mar ionadaí na ndaltaí sa scoil. Ghuigh iar-rúnaí na scoile Nell Suipéil ar son mhuintir Uí Chadhain i gConamara agus thar sáile. Ba í Maggie Larkin, deirfiúr Shéamuis a ghuigh ar son ár gcairde ar fad atá imithe ar shlí na fírinne, go háirithe ar son a dearthár dílis, Séamus Ó Cadhain.

Chuaigh an Ofráil go mór i bhfeidhm ar a raibh i láthair nuair a thóg Seán agus Meadbh Larkin páistí le Maggie, trioscar i sliogán muirín a bailíodh ar an trá atá buailte le tigh mhuintir Uí Chadhain agus cloch ó Chill Chiaráin chun na haltóra, mar aon le grianghraf álainn de Shéamus ar a sháimhín só tráthnóna gréine Samhraidh. Ina bhfochair sin san Ofráil bhí Ben Mac Cába, dalta Chéadbhliana agus Catherine Foltynova atá sa Dara Bliain. Coimeádfar na féiríní úd a bhronn muintir Uí Chadhain ar taispeántas sa scoil i gcuimhne ar Shéamus.

Tar éis na Comaoineach labhair Liam Suipéil, Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta faoi Shéamus Ó Cadhain. Ag trácht dó ar chaoineadh a chum Pádraigín Haicéad dhein sé cur síos ar an gcroíbhriseadh a bhraith cách a raibh aithne acu ar Shéamus Ó Cadhain tar éis dó bás a fháil go hobann, cothrom an ama seo anuraidh. Mhol sé féith an ghrinn agus dearcadh dearfach Shéamuis agus mhol sé do dhaltaí na Meánscoile na buanna sin a bhreith leo ón Iarphríomhoide, comh maith lena dhual mór san fhoghlaim.

Ba é Riain Ó Donnchú dalta Ardteiste agus ionadaí Chomhairle na nDaltaí a labhair ansin. Mhínigh sé go mbeadh bláthfhleasc á cur abhaile go huaigh an Mháistir Uí Chadhain agus bláthanna ar an dá dhath, fíon is bán fite fuaite le chéile inti mar a bhí sna bláthanna ar an altóir. Dhírigh sé aird an phobail ar an gceangal atá ag na dathanna céanna le Meánscoil San Nioclás, le club CLG na Rinne agus le dathanna na Gaillimhe a mbíodh Séamus comh bródúil astu i gcónaí agus mar shólás dúinn ar fad go seasfadh siad don gceangal a bhí ag Séamus le muintir Mheánscoil San Nioclás, nasc a mhairfeadh go deo faoi mar a mhairfeadh cuimhne Shéamuis Uí Chadhain inár gcroíthe go brách. D’iarr sé ansin ar Ellen Nic Uaid agus ar Áine-Máire Ní Annragáin daltaí Bhliain 5, an bhláthfhleasc a bhronnadh ar dheirfiúr Shéamuis, Maggie Larkin agus ar a dheartháireacha Pádraig agus Joe. Ina dhiaidh sin d’iarr sé ar chách machnamh a dhéanamh ar feadh nóiméid ar a gcuimhní cinn féin de Shéamus fad agus a sheinn Dearán Ó Droma fonn an amhráin Amhrán Mhuinse ar an bhfeadóg íseal, amhrán a raibh áit faoi leith ag Séamus ina chroí dó.

Mar chlabhsúr canadh amhrán na Meánscoile Amhrán Dóchais mar gur mhaith le Séamus Ó Cadhain go mbeadh an dóchas agus an misneach beo, beathaíoch i measc phobal Mheánscoil San Nioclás. Tharla fáiltiú muinteartha a bhí eagraithe go snasta, ealaíonta ag Leas-phríomhoide na Meánscoile Máire Ní Chathasaigh i ndiaidh an Aifrinn, ócáid a thug deis do chairde uile Shéamuis a gcuimhní cinn air a roinnt agus taitneamh a bhaint as sólaistí blasta a réitigh ár gcairde i mbialann An Linn Bhuidhe sa Rinn agus a d’fhreastail daltaí Bhliain 6 ar an slua.

Tá bearna mhór fágtha ina dhiaidh ag Séamus Ó Cadhain agus is méala ollmhór a bhás do phobal uile Mheánscoil San Nioclás agus dá mhuintir. Is cinnte nach mbeidh a leithéid arís ann.

Suaimhneas síoraí ar a anam uasal Gaelach. Laoch ar lár!

‘Maireann a chuimhne fós i m’aigne,

Is mairfidh cinnte go dté mé i dtalamh.’

‘Ó bhás go críoch nach críoch ach athfhás,

I bPárthas ba ngrás go rabhaimid’.

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás