Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Litir ón bPríomhoide faoi athoscailt na scoile

Litir chuig Tuismitheoirí/Caomhnóirí 10 Lúnasa
12-Lúnasa-20

RE: Athoscailt Mheánscoil San Nioclás

Dáta: Dé Máirt 11 Lúnasa 2020

A Thuismitheoir/A Chaomhnóir a chara,

Beatha agus sláinte.

Mar is eol daoibh, tá scoileanna na tíre tar éis a bheith dúnta ón 12 Márta 2020 de dheasca an Choróinvíris. Bhí obair shuntasach agus a lán comhairliúcháin ar siúl chun cur ar ár gcumas filleadh ar scoil go hiomlán ó thús na scoilbhliana 2020/21 agus tá an obair agus an comhairliúchán céanna ar siúl go leanúnach fós.

Táimid i mbun ullmhúcháin faoi láthair d’athoscailt na scoile. Beimid ag brath go hiomlán ar chomhoibriú na bpáirtithe leasmhara i bpobal na scoile idir BOOPLLG, Bhord Bainistíochta Mheánscoil San Nioclás, bhainistíocht na scoile, fhoireann, thuismitheoirí agus daltaí. Beidh páirt le comhlíonadh ag gach aon duine chun deimhin a dhéanamh de go n-athosclófar an scoil ar bhonn slán, sábháilte a chuirfidh cosc ar scaipeadh an Choróinvíris comh fada agus is féidir chun go mbeimid inniúil teagasc agus foghlaim a chur chun cinn arís.

Táimid ag obair ar Phlean Freagartha Covid 19 i láthair na huaire agus foilseoimid é sin agus na sonraí deiridh curtha i dtoll a chéile sula bhfilleann daltaí ar an scoil. Roinnfear libh ansin é.

Tabharfaidh Plean Freagartha Covid 19 sonraí maidir le

  • Ullmhúchán ar an láthair oibre maidir le Comharthaíocht, Dáileoirí Díghalráin;
  • Comhairle, nósanna imeachta agus oiliúint maidir le filleadh ar an obair go slán, sábháilte;
  • Comhairle ghinearálta agus sainchomhairle mar gheall ar na slite inar féidir le daltaí, baill foirne, tuismitheoirí agus cuairteoirí scaipeadh an Choróinvíris a chloí.

Foilseoimid Ráiteas Polasaí maidir le Covid 19 comh maith agus na socruithe críochnúla ar fad deimhnithe. Idir seo agus filleadh ar an scoil ba chóir do theaghlaigh ullmhú sa tslí chéanna is a dhéanann siad gach aon bhliain maidir le héide scoile agus stáiseanóireacht. (Tá eolas curtha amach chuig daltaí /tuismitheoirí na Chéad Bhliana cheana féin). Níl aon treoir sna treoirlínte a eisíodh maidir le héide scoile agus dá réir sin seasann an polasaí scoile maidir le héide scoile mar atá agus leanfaidh tuismitheoirí a gcomhairle féin, faoi mar a dhein i gcónaí, maidir lena mhinicí agus a nifear an éide scoile.

De réir treoirlínte a tháinig chun na scoile inné áfach ní mór do dhaltaí agus do bhaill foirne masc aghaidhe a chaitheamh i suíomhanna nach mbíonn sé indéanta 2m a choimeád idir dhaoine. Dá réir sin iarrfaimid ort deimhin a dhéanamh de go mbeidh masc aghaidhe ag do pháiste agus é/í ag teacht chun na scoile gach aon lá.

Beidh Scéim na Leabhar ina dtugtar leabhair ar iasacht do dhaltaí fós ag feidhmiú agus dáilfear lón ar dhaltaí ar mhodh slán, sábháilte de réir na dtreoirlínte reatha i dtaobh Sláinte agus Sábháilteachta.

Tá comhairle agus treoir faighte ag scoileanna gur chóir go bhfillfeadh daltaí agus foireann ar an scoil ar bhonn céimnithe chun go dtabharfaí go leor ama dóibh dul i dtaithi ar na córais nua a bheidh i bhfeidhm. De réir na comhairle sin is iad seo a leanas na dátaí fillte leasaithe do dhaltaí a bheidh ag filleadh ar Mheánscoil San Nioclás:

Dé Máirt 1 Meán Fómhair: Oiliúint Foirne maidir le Prótacal Covid 19

Bliain 1 amháin: Dé Céadaoin 2 Meán Fómhair 2020- 9rn-12 nóin

Bliain 6 & 3 amháin: Déardaoin 3 Meán Fómhair 2020- 9rn-12 nóin

Bliain 5 & 2 amháin: Dé hAoine 4 Meán Fómhair 2020 - 9rn-12 nóin

Bliain 4 & Gach Bliainghrúpa: Dé Luain 7 Meán fómhair 2020- 8.40rn-3.30in

Sa chás gur fhág daltaí maoin dá gcuid ina dtaisceadán beidh sé d’uain acu é a bhailiú an lá go bhfilleann siad ar scoil ach is oth linn nach mbeimid inniúil ligint dóibh taisceadáin a ghlanadh amach roimhe sin.

Beimid i dteagmháil leat arís roimh athoscailt chun na socruithe agus na sonraí deiridh a roinnt libh nó aon athrú a gheobhadh teacht chun cinn a chur in iúl duit.

Go dtí sin beimid ag obair ar ár ndícheall chun gach aon socrú a bheith déanta chun athoscailt shlán, shábháilte a dheimhniú do phobal uile Mheánscoil San Nioclás.

Beir bua agus beannacht,

Gráinne Ní Lúbaigh

Gráinne Ní Lúbaigh

Príomhoide,

Meánscoil San Nioclás,

Rinn Ó gCuanach,

Dún Garbhán,

Co. Phort Láirge

X35 RF24

058-46464

leagan béarla pdf

leagan gaeilge pdf

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás