Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Lúthchleasaíocht na Scoile

14-Meitheamh-23
Lúthchleasaíocht na Scoile
Lúthchleasaíocht na Scoile
Bhí trí himeacht ag an scoil le déanaí a bhain le lúthchleasaithe na scoile.
Ar dtús, thaisteal os cionn dhá scór dalta chuig chraobh an chontae thíos i bPort Láirge. Bhí lá ráthúil go maith againn le beart boinn tugtha abhaile.
An tseachtain ina dhiaidh san, thaisteal cailíní na scoile suas dtín Teampall Mór i dtuaisceart Thiobraid Árainn. Bí í captaen na foirne lúthchleasaithe scoile, Doireann Ní Icí, a thug leithí abhaile an taon bhonn ar an lá. Bhuaigh Doireann an rás siúlóide sna cailíní sinsear, a chiallaíonn go bhfuil sí anois cáilithe do chraobh na mumhan in Oileán Chiarraí ar an 20 Bealtaine. Go n-éirí ádh leat a Dhoireann.
An tseachtain roimhe sin, bhí buachaillí na scoile in iomaíocht le scoileanna eile ó oirthear na Mumhan san RSC i bPort Láirge. Bhí buíonn maith lúthchleasaithe againn ar an lá agus d'éirigh linn dhá bhonn a thabhairt abhaile - Cian Ó Faoláin a chríochnaigh sa triú háit sa ghrád idirmhéanach don rás 3,000m agus Molua Mac Seáin leis an mbonn chré umha i gcaitheamh an mhéachain, arís sa ghrád idirmhéanach. Iad araon cáilithe chomh maith do chraobh na mumhan.
Buíochas mór chuig Naoise Mac Murchadha a thóg air féin a bheith ina bhainisteoir ar an bhfoireann lúthchleasaíochta i mbliana.
Griangraf: Doireann Ní Icí ar a slí dtín bonn óir i gCraobh Oirthear Mumhan na Scol.
Imeachtaí
Bealt
22 2025
Oíche Bl.4 - am le cinntiú
Bealt
23 2025
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
26 2025
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
30 2025
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2025 Meánscoil San Nioclás