Tá daltaí na hIdirbhliana ag baint an-súp agus tairbhe as na ranganna i nGaoluinn agus oidhreacht na nDéise atá á gcur i láthair dóibh ag Eibhlís Ní Dhonncha agus dé’chúis nach mbeadh agus cuid mhór den ghrúpa de bhunadh na Gaeltachta. An tseachtain seo caite is beag nár scuabadh chun siúil iad agus iad ag trácht ar thrioscar agus na nósanna a bhain leis fadó. Ní rabhadhar ag coinne áfach leis na heitleoga trioscair a thosnaigh ag rince os a gcionn thíos ar trá Bhaile nan Gall ach is cinnte go rabhadar beo beathaidh ar fhilleadh chun na scoile dóibh! Mairfidh cuimhní cinn na laethanta sin leo go deo.