Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Pauline Mhic Parthaláin-Cúramóir na Bliana-Port Láirge

Pauline Mhic Parthaláin-Cúramóir na Bliana-Port Láirge
04-Samhain-19
Pauline Mhic Parthaláin-Cúramóir na Bliana-Port Láirge

Is cúis mhór bhóiceála agus chéiliúrtha do mhuintir na Rinne an duais mhór Cúramóir na Bliana-Port Láirge, a bhronn an laoch rugbaí Mike Galway ar bhanlaoch ón Rinn, Pauline Mhic Parthaláin in Amharclann Garter Lane, Port Láirge Dé Céadaoin, 23 Deireadh Fómhair. Tréaslaíonn pobal uile na scoile ó chroí le Pauline ar an mór-éacht seo atá bainte amach aici agus gradam mar Chúramóir na Bliana-Port Láirge bronnta uirthi ag Netwatch Carer of the Year Awards. Thaistil go leor de mhuintir Pauline chun na hócáide chun tréaslú léi agus nárbh iad a bheith fíorbhródúil aisti. Más mall is mithid an t-aitheantas sin a bheith tugtha di mar is eiseamláir í Pauline de dhuine uasal, cineálta a roinneann a gaois, a cuid ama agus a saíocht go fial, flaithiúil le cách agus nach gcloistear ag maíomh nó ag bualadh sciath ariamh. Ní chreidfeadh aoinne a thaitheodh a dea-chomhluadar agus a deisbhéal go bhfuil Pauline ina sin-seanmháthair fán tráth seo dá saol. Is ag dul i mbláth na hóige atá sí agus is dócha go dtagann cuid mhaith den bhfuinneamh sin as a dtugann sí agus as a bhfuil tugtha aici do mhóran daoine éagsúla leis na cianta. Le tamall de bhlianta anuas is í Pauline príomhchúramóir dá mac Joe nach bhfuil an tsláinte go rómhaith aige ach mar an gcéanna lena mháthair, ní duine é a bhíonn ag déanamh trua dá chás féin ach a mhalairt. Tugann seisean aghaidh ar an saol le dóchas, le buíochas agus le misneach. Briseann an dúchas! Bíonn cur agus cúiteamh lá i ndiaidh lae faoi laochra agus réalta agus fúthusan a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu. Ní duine í Pauline a shantaíonn aitheantas, buíochas nó ainm in airde, is ní duine í a mbeadh ag coinne lena leithéid ariamh. Sin an chúis gur mó an chreidiúint agus an t-ardmholadh atá tuillte aici. Níor iarr Pauline Mhic Parthaláin urraim a muintire ná a pobail ach thuill sí an mhór-urraim chéanna. Nach éacht ollmhór ann féin é sin. Gura fada buan í Pauline. Duine eiseamláireach í do chách, go háirithe don aos óg a mbíonn an dea-fhocal aici dóibh gan teip. Is laoch ionspioráideach í Pauline agus is í an fhírinne choíche í nach mbeidh a leithéid arís ann. Comhghairdeachas ó chroí leatsa a Pauline agus le Joe, Áine, Aodán, Irial agus Ferdia. Tá ríméad orainn ar fad ar do shon. Go maire tú do ghradam agus do shonas agus fad saoil dhuit in aice na sláinte!

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás