Tréaslaímid ó chroí le hiardhaltaí Ardteiste na scoile a chruthaigh go rímhaith sna scrúduithe Ardteiste. D’éirigh le gach aon dalta a raibh uaidh nó uaithi a bhaint amach agus guímid gach rath agus séan orthu sa saol atá amach rompu. Táimid fíorbhródúil as na fir agus na mná óga breátha a d’fhág an scoil mar shaoránaigh den gcéad scoth a bhfuil todhchaí an-gheal rompu. D’fhágamar slán ag a chéile ag oíche na Debs ar an 27 Lúnasa, oíche a roinn siad le daltaí Bhliain 6 na scoile faoi láthair. Bhí oíche go maidin acu agus duine acu níos deise ná a chéile i ngach aon slí. Tréaslaímid le Coiste na Debs a d’eagraigh gach gné den chéiliúradh as a stuaim féin agus a chinntigh go raibh ardoíche ag cách in Óstán na Páirce an oíche úd. Mairfidh an cuimhne go ceann i bhfad.