Tháinig Eve Ní Bhraoin ó Chonradh na Gaeilge ar cuairt chun na Meánscoile ar an 19 Samhain agus chuir sí dhá cheardlann den Seó Bóthair i láthair dhaltaí Bhliain 5 & 6 agus ansin daltaí na hIdirbhliana. Cuireann an Seó Bóthair na rannpháirtithe ag ceistiú a ndearcadh agus a dtuairimí féin maidir leis an nGaeilge agus leagann sé béim ar an ról tábhachtach atá ag gach duine i gcaomhnú na teanga. Léirítear do chách go bhfuil Cearta Teanga againne agus moladh dúinn ár gcearta a éileamh agus a chosaint. Cuireann an Seó Bóthar go mór le feasacht teanga na rannpháirtithe agus bhí sé sin thar a bheith suntasach sa phlé a lean an cheardlann. Léiríodh do na daltaí a bhfuil de dheiseanna fostaíochta ar fáil in earnáil na Gaeilge agus in earnálacha eile do dhaoine a bhfuil Gaeilge liofa acu. Lón mór machnaimh a fágadh leis na daltaí tar éis don Seó Bóthair sinn a fhágaint ach ba í tuairim dhaingean na ndaltaí ná gurbh fhiú go mór an Seó Bóthair. Míle buíochas le hEve Ní Bhraoin a d’eagraigh an chuairt dúinn agus a chuir an Seó inár láthair le fuinneamh agus le brí.