Tar éis torthaí den scoth a fháil sa chúrsa 'Education for Sustainability: Climate Literacy' i dTéarma 1 (mar chuid dár ranganna Oideachas Saoránachta Domhanda (OSD)), tugadh cuireadh do Bhl2 cuairt a thabhairt ar Eicphobal Cloch Siordán i gContae Thiobraid Árann ar an Luan an 23/01/2023. Is dea-shampla é Eicphobal Cloch Siordán d'inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus d'fhoghlaim daltaí faoi réimsí a bhaineann le hathrú aeráide, tógáil, agus inbhuanaitheacht le linn an turais seo. Bhí an turas seo maoinithe ag Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh. Bronnadh teastaisí ar na daltaí freisin. Bhí an-lá ag daltaí bl.2 ann. Míle buíochas dos na muinteoirí a d'eagraigh agus a thaisteal leo.