Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Tús Spleodrach curtha leis an Idirbhliain.

10-Deireadh Fómhair-17
Tús Spleodrach curtha leis an Idirbhliain.

Fáilte Uí Cheallaigh roimh na cuairteoirí atá tagtha chun an Idirbhliain a chaitheamh inár dteannta anseo i nGaeltacht na nDéise. Tá os cionn scór daltaí ó gach cearn den tír tagtha chugainn agus iad ag cur futhu i gColáiste na Rinne agus ag freastal ar an Meánscoil lenár gcuid daltaí féin. Tá cúpla cuairteoir ón gceantar linn chomh maith agus iad ag cur go mór le himeachtaí an ranga cheana féin. Guímid gach rath ar Cháit Ní Annáin atá ceaptha ina Comhordaitheoir ar an Idirbhliain ó thosach na scoilbhliana agus sárobair á déanamh aici. Tá go leor, leor imeachtaí agus cúrsaí eagraithe do na daltaí agus ríméad orthu faoina bhfuil bainte amach acu cheana féin buíochas le dea-eagar agus fuinneamh an Chomhordaitheora. Gan ach ceithre seachtaine curtha isteach acu tá Cúrsa Garbhabhrach tosnaithe acu, turas tugtha acu ar an gCoinigéir in éineacht leis an staraí anaithidiúil, Liam Suipéil, lá fada caite acu ag na Comórtais Treabhadóireachta i gCo Laoise agus cúrsa scannánaíochta 3 lá curtha i gcrích acu le scannán déanta acu mar thoradh ar obair an chúrsa. Tá cúrsa 4 seachtaine traenála HITT faoi lánseol acu comh maith le ceardlanna Drumadóireachta atá eagraithe dóibh ag an múinteoir Ceoil Sinéad Ní Fhathaigh. Ní hé sin deireadh an scéil ach an oiread mar go bhfuil ceardlanna RAP agus ceardlann rince ar siúl acusan agus ag daltaí eile na scoile agus iad ag ullmhú go díograiseach don taibhléiriú TIC-TOC a bheidh ar siúl roimh Nollaig. Tá tús curtha leis an Taithí Oibre leis agus é sin ar fad faoi réir go héifeachtach dóibh ag Clár Ní Fhathaigh. Is gan dabht níl faillí á dhéanamh ar chúrsaí spóirt ach an oiread agus peil na mban, peil, camógaíocht agus iomáint faoi lánseol cheana féin agus ag éirí go geal le foirne na Meánscoil sna cluichí ar fad go dtí seo! Nach iad a bheidh gnóthach i mbun na ngníomhaíochtaí uilig atá beartaithe dóibh agus go n-éirí an Idirbhliain le gach uile dhuine díobh!

Ár mórbhuíochas le Dearán Ó Droma a dhein éachtaí móra le blianta anuas agus é ina Chomhordaitheoir ar an Idirbhliain. Chuir sé a chroí san obair i gcónaí ar mhaithe na ndaltaí agus is iomaí cuimhne cinn den scoth a chruthaigh sé do dhaltaí Idirbhliana le blianta beaga anuas. Go gcúití Dia a mhaitheas dó!

Tús Spleodrach curtha leis an Idirbhliain.
Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás