Meánscoil San Nioclás

Taithí Oibre

15-Bealtaine-17

Is cuid lárnach agus riachtanach í an taithí oibre d’fhorbairt an dalta le linn na bliana agus tá ról an tuismitheora/chaomhnóra fíorthábhachtach chun tacaíocht a thabhairt don dalta le linn na dtréimhsí oibre.

Tarlaíonn an Taithí Oibre gach Aoine le linn na scoilbhliana agus bítear ag súil go gcuirfidh an dalta lá iomlán oibre isteach. Níl cead aon airgead a shaothrú ón taithí oibre, de réir coinníollacha árachais na scéime.

Is ‘lá scoile é’ gach Aoine. Muna mbíonn do pháiste ag an ionad oibre, caithfidh said a bheith ar scoil. Muna bhfuil do pháiste ábalta dul ar scoil caithfidh tú é sin a chur in iúl don bhfostóir agus don scoil.

Foirmeacha le líonadh isteach ag Tuismitheoir:

  • Foirm 1:Líon isteach an fhoirm seo roimh gach Taithí Oibre agus seol ar ais í go dtí an scoil sula dtosnaíonn an dalta ar gach Taithí Oibre.

  • Foirm 2: Líon isteach í agus tabhair don bhfostóir le síniú. Ansan tabhair thar n-ais don scoil í le Forim 1, s ula dtosnaíonn an dalta ar gach Taithí Oibre.

  • Foirm 5: Líon isteach cuid 1 den fhoirm seo. Tabhair don fhostóir í le clúdach litreach faoi stampa is seoladh na scoile. Iarr ar an bhfostóir Cuid 2 a líonadh isteach agus í a sheoladh thar n-ais díreach chun na scoileag deireadh na taithí oibre.

Comhaid Tábhachtacha don Taithí Oibre:

Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire

058 46 464

Suíomh na Scoile / Location
© 2018 Meánscoil San Nioclás